Teanga Struchtúrtha Iarratas

From Wikipedia, the free encyclopedia

Teanga Struchtúrtha Iarratas
Remove ads

Is í an Teanga Struchtúrtha Iarratas, nó SQL (ón mBéarla Structured Query Language), an teanga ríomhaireachta is mó a bhfuil gean uirthi le haghaidh sonraí a chruthú, a athrú is a aisghabháil ó chórais bainistíochta bunachar sonraí. Tá sé anois ina teanga chaighdeánach idirnáisiúnta le hiarratais a chumadh i gcomhair bunachair choibhneasta sonraí.

Fíricí Gasta Cineál, Bunaithe ar ...
Thumb
Remove ads

Fuaimniú

Tá difríochtaí ann idir dhá fhuaimniú an acrainm, mar na litreacha aonair nó mar fhocal amháin, "saoi-cual".

Thumb

Stair

D'fhorbair an comhlacht IBM é Glacadh le SQL mar chaighdeán ag ANSI i 1986 agus ISO i 1987. Leathnaíodh an teanga chun sainmhíniú struchtúr an bhunachair a chuimsiú[1].

Caighdeánú

Tuilleadh eolais Bliain, Caighdeán oifigiúil ...
Thumb
Remove ads

Eochairfhocail SQL

Is féidir eochairfhocail SQL a roinnt i ngrúpaí éagsúla.

Aisghabháil sonraí

Is í an oibríocht chun sonraí a aisghabháil an oibríocht is coitianta i mbunachair shonraí le haghaidh idirbheart.

SELECT (roghnaigh)

 Sampla 1:
  SELECT * FROM leabhair
  WHERE praghas > 100.00 and praghas < 150.00
  ORDER BY teideal

Seo sampla ab fhéidir a úsáid le haghaidh liosta leabhar costasach a fháil. Aisghabháiltear na taifid ón tábla leabhair a bhfuil réimse praghas acu atá níos mó ná 100.00 agus níos lú ná 150.00. Sórtáiltear an toradh in ord aibítre de réir teideal an leabhair. Ciallaíonn an réiltín (*) go dtaispeántar na colúin go léir ón tábla leabhair. Is féidir colúin áirithe a ainmniú chomh maith.

 Sampla 2:
   SELECT leabhair.teideal, count(*) AS Údair
   FROM leabhair
   JOIN leabhar_údair
     ON leabhair.uimhir_leabhair = leabhar_údair.uimhir_leabhair
   GROUP BY leabhair.teideal

Seo sampla de chomhcheangal idir dhá thábla ag a bhfuil luach coiteann.

Thumb

Ionramháil sonraí

Is fo-thacar den teanga í teanga ionramhála sonraí, DML (ón mBéarla Data Manipulation Language), a úsáidtear chun cur leis na sonraí nó le haghaidh sonraí a nuashonrú nó a scrios.

  • INSERT: úsáidtear le haghaidh náid nó níos mó rónna a chur le tábla atá ann cheana féin (codaigh go foirmiúil).
  • UPDATE: úsáidtear le haghaidh luachanna thacar rónna tábla atá ann cheana féin a mhionathrú.
  • MERGE
  • DELETE: scriostar náid nó níos mó rónna atá ann ó thábla .
Sampla INSERT:
INSERT INTO mo_thábla (réimse1, réimse2, réimse3) VALUES ('teist', 'N', NULL);
Sampla UPDATE:
UPDATE mo_thábla SET réimse1 = 'luach nuashonraithe' WHERE réimse2 = 'N';
Sampla DELETE:
DELETE FROM mo_thábla WHERE réimse2 = 'N';

Sainiú sonraí

Úsáidtear an dara grúpa eochairfhocal, Teanga Shainithe Sonraí nó DDL (Data Definition Language), chun táblaí nua nó eilimintí a bhaineann le sin a shainmhíniú.

  • CREATE
  • DROP
  • TRUNCATE
  • ALTER

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads