Seán Ó Fearghaíl
polaiteoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is polaiteoir Éireannach agus Teachta Dála do cheantar Chill Dara Theas é Seán Ó Fearghaíl (a rugadh ar an 17 Aibreán 1960). Tá sé ina bhall d'Fhianna Fáil. Ba fheirmeoir é agus is cainteoir Gaeilge é.
Sheas Ó Fearghaíl in Olltoghchán 2002 agus toghadh é mar TD don chéad uair. Toghadh ina Cheann Comhairle é ar an 10 Márta, 2016 agus arís in 2020.[1] Bhí tuarastal an Cheann Comhairle - €255,000 in 2024 - níos airde ná an €243,895 a íoctar leis an Taoiseach.
in 2024. ceathrar iarrthóirí a bhí ann mar Cheann Comhairle – Verona Murphy (NS), Seán Ó Fearghaíl, a raibh an tríú téarma á lorg aige, John McGuinness (FF) agus Aengus Ó Snodaigh (SF). Toghadh Murphy i ndiaidh an tríú comhaireamh nuair a bhain sí an cuóta, 88, amach le vótaí aistrithe Sheáin Uí Fhearghaíl. Thug Fianna Fáil agus Fine Gael tacaíocht do Murphy mar chuid den idirbheartaíocht atá ar siúl acu leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách faoi chomhrialtas a bhunú, gníomh a mhaígh Ó Fearghaíl agus daoine eile a rinne mír mhargántaíochta de ról tábhachtach.[2] Bhí díomá air, a dúirt sé, nach raibh ceannasaíocht an pháirtí ag tacú leis an uair seo. Dúirt sé roimh an vóta gur chóir go mbeadh Gaeilge ag an té a cheapfaí sa phost.[3]
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads