Seán FitzPatrick

fear gnó Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Seán FitzPatrick
Remove ads

Iar-phríomhfheidhmeannach agus iarchathaoirleach Bhanc Anglo Irish ab ea Seán FitzPatrick (25 Bealtaine 19488 Samhain 2021). Bhí Seán FitzPatrick aitheanta as an mbaint a bhí aige leis an bhfás mear a tháinig ar Anglo Irish, agus ansin lena chliseadh sna blianta 2008/2009.[1]

Thumb
agóid i mBÁ¢
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
Remove ads

Gairm

Mionbhanc tráchtála a bhí ann nuair a thosaigh FitzPatrick ag obair ann i 1986.

Iasachtaí a thabhairt d'fhorbróirí maoine a bhí i gcuid shuntasach de ghnó an bhainc faoi stiúir Sheáin FitzPatrick agus b'in a rinne a aimhleas nuair a tháinig an cúlú eacnamaíochta in 2007/2008. Faoin am a thit Anglo-Irish as a chéile, bhí sé ar an tríú banc ba mhó sa tír.[1]

I mí na Nollag 2009, thuairiscigh Anglo Irish caillteanais €12.7 billiún agus aistríodh luach iasachtaí an bhainc go dtí an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní.

In 2010, dearbhaíodh FitzPatrick ina fhéimheach agus dúradh go raibh fiacha €147 milliún air. Urscaoileadh ón bhféimheacht é ceithre bliana ina dhiaidh sin.[1]

Cuireadh FitzPatrick ar a thriail faoi dhó é faoi chaimiléireacht. Fuarthas neamhchiontach é in 2014 agus arís in 2017.

Cháin breitheamh an chaoi ar thug Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach faoin gcás in aghaidh Sheáin FitzPatrick a fhiosrú.

In 2019, díbríodh as Cuntasóirí Cairte Éireann agus gearradh fíneáil €25,000 air.[1]

Bhuail taom croí Fitzpatrick agus d'éag 8 Samhain 2021, in aois 73 dó.[2]

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads