Seán Ó Cadhain (polaiteoir)
polaiteoir Éireannach (1975-) From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is polaiteoir agus seanadóir as Gaillimh é Seán Kyne (Gaeilge: Seán Ó Cadhain) (rugadh é Aibreán, 1975). Bhí sé ina Theachta Dála do cheantar na Gaillimhe Thiar idir na blianta 2011 agus 2020. Tá sé ina bhall de Fhine Gael agus is as Maigh Cuilinn dó.
Roimhe sin bhí sé ina bhall de Chomhairle Contae na Gaillimhe.
Sheas sé in Olltoghchán 2016 agus toghadh é le 9.55% de na vótaí céad rogha. In Olltoghchán 2020, chaill sé a shuíochán Dála. Cheap an Taoiseach Leo Varadkar ina sheanadóir é ar an 19 Feabhra 2020 in áit Frank Feighan[1].
Remove ads
Bíonn Kyne le cloisteáil go minic ar Raidió na Gaeltachta. Nuair a thosaigh sé sa bpolaitíocht ní raibh a dhóthain Gaeilge aige le hagallamh raidió a dhéanamh. Chuir sé de stró air féin a dhóthain Gaeilge a fhoghlaim le go mbeadh sé in ann dul faoi agallamh ar Adhmhaidin agus déileáil le grúpaí Gaeltachta ina dteanga féin.[2]
An Seanad
Toghadh an t-iar-aire stáit Gaeltachta Seán Kyne (Fine Gael), as Maigh Cuilinn i nGaeltacht na Gaillimhe, ina Sheanadóir den dara huair ar an Rolla Saíochta agus Oideachais. Sheas Kyne, a bhí ina Theachta Dála do Gaillimh Thiar ó 2011 go 2020, d’Olltoghcháin 2020 agus 2024 ach níor éirigh leis suíochán Dála a fháil.[3]
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads