Seán Tennyson
iománaí Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Imreoir iomána Éireannach as mBaile Hugúin, Contae Chill Chainnigh é Séan Tennyson (Béarla: John Tennyson), a rugadh ar an 6 Feabhra, 1985. Tá clú agus cáil bainte amach aige mar chúlaí leis an gclub iománaíochta Carraig Seac agus an fhoireann idirchontae Chill Chainnigh. Ghlac sé páirt i gCraobh Iomána Sinsearach na hÉireann 2006 agus ainmníodh é ina Shárimreoir na Bliana, mar gheall ar an taispeántas maith a rinne sé i rith an gcomórtas.
![]() | ||
Eolas pearsanta | ||
Spórt | Iomáint | |
Ainm Béarla | John Tennyson | |
Dáta breithe | 6 Feabhra, 1985 | |
Dáta báis | ||
Áit bhreithe | Baile Hugúin, Contae Chill Chainnigh | |
Airde | 6'1" | |
Leasainm | Rambo, Tenno. | |
Eolas club | ||
Club | Carraig Seac | |
Ionad | Tacaí | |
Club(anna) | ||
Club | Bliain | Cluichí (pointí) |
Carraig Seac | 2000idí - an lá inniu | |
Idirchontae | ||
Contae | Cill Chainnigh | |
Ionad | Tacaí | |
Torthaí | ||
Contae | Bliain | Cluichí (pointí) |
Cill Chainnigh | 2005 - an lá inniu | 12(0-0) |
Duaiseanna | ||
Craobh Cúige Laighean | 4 | |
Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann | 3 | |
Sárimreoirí | 0 |
Remove ads
Saol
Rugadh agus tógadh Tennyson i mBaile Hugúin, sráidbhaile atá suite idir na cathracha móra Port Láirge agus Baile Átha Cliath. Ina bhuachaill dhó, d'fhreastail sé ar an scoil náisiúnta Newmarket, agus ansin Coláiste Naomh Ciarán, áit atá cáiliúil mar gheall ar na hiománaithe rathúla a rinne staidéar ann. Bhain sé a chéad bhonn iomána amach agus é ag an gcoláiste, ceann i gCraobh Coláistí na hÉireann. Tar éis tamaill, tugadh a scileanna faoi deara ag na roghnóirí idirchontae, agus roghnaíodh é sna foirne mionúracha a bhuaigh Craobh Mionúrach na hÉireann sna blianta 2002 agus 2003.
Bhris Tennyson isteach san fhoireann sinsir sa bhliain 2005, agus choinnigh sé a shuíomh sa líne leath-chúl go dtí an lá inniu. Bhuaigh sé a chéad bonn Craobh Laighean sa bhliain sin, agus a chéad bhonn sa Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta chomh maith. Bliain iontach ab ea an bhliain 2006 dó - na duaiseanna seo arís, agus bonn óir sa chomórtas is mó, Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads