Seán Ua Cearnaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Scríbhneoir Gaeilge ab ea Seán Ua Cearnaigh. Tháinig sé chun saoil i gContae Thiobraid Árann ar an 13 Meitheamh 1933, ach bhí cónaí air i Loch Garman, áit a fuair sé bás[1] in 2020.
Saol
Cé gur bainisteoir foraoiseachta a bhí ann, bhí an-suim aige sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht. D'fhoilsigh sé aistí faoi stair cheantar Loch Garman chomh maith le húrscéalta beaga soléite le haghaidh léitheoirí óga. Bhí sé 65 bliain d'aois nuair a foilsíodh a chéad leabhar sa bhliain 1998.
Ba bhall é de bhuanchoiste Chonradh na Gaeilge agus ainmníodh é d'uachtaránacht na heagraíochta sin.
Remove ads
Saothar
Bhí cuid mhaith de na húrscéalta suite i dtréimhse chorrach éigin i stair na hÉireann agus ábhar tírghráúil á phlé iontu. Bhí stíl shoiléir nádúrtha aige agus bíonn a chuid leabhar oiriúnach chomh maith do na foghlaimeoirí fásta freisin.
Foilseacháin
- B'iad a d'adhain an tine bheo (aistí staire), Coiscéim 1998
- Ministrí Misniúla 1798, Coiscéim 1998
- Buachaill ón mBaváir (úrscéal do léitheoirí óga), Cló Iar-Chonnachta 1999
- Rún an tSléibhe (úrscéal do léitheoirí óga), Cló Iar-Chonnachta 2001
- Roibeard Emmet agus 1803, Coiscéim 2003
- Teachtaire Phádraig Sáirséal (úrscéal le haghaidh léitheoirí óga), Coiscéim 2004
- Drumadóir na Dubhthíre (úrscéal do léitheoirí óga), Coiscéim 2005
- Cill Chais (úrscéal le haghaidh léitheoirí óga), An Gúm 2006
- An tOileán Rúnda (le haghaidh léitheoirí óga), Coiscéim 2006
- An Gobán Saor (do léitheoirí óga), An Gúm 2007
- Gleann na Mistéire (úrscéal le haghaidh léitheoirí óga), Coiscéim 2008
- Scáil an Asailín (do léitheoirí óga), Coiscéim 2009
Remove ads
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads