Seoirse de Brún
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ba shaighdiúir tuarastail é an tÉireannach Seoirse de Brún (George Browne, nó Georg Reichsgraf von Browne as Gearmáinis, Yuri Yurievich Broun nó Юрий Юрьевич Броун as Rúisis) a d’fhreastail faoin Impire Peadar III agus an Bhan-Impire Caitríona II.
Remove ads
Saol
Rugadh i gCathair Luimnigh é ar an 15 Meitheamh 1698 do chlann uasal Normannach. Ach ós gur Caitliceach é, b’éigean dó imeacht thar lear chun freastal mar shaighdiúir.
Shroich sé an Rúis, áit a raibh Peadar de Lása, Luimníoch eile, ina cheannaire ar an arm. Phós de Brún Eibhlín, iníon an Lásaigh.

Nuair a tharla ceannairc i gcoinne an Bhan-Impire Áine, chabhraigh de Brún chun í a choimeád i gcumhacht agus ardaíodh go rang an choirnéil é.
Bhain sé an-cháil amach le linn "Chogadh na Seacht mBliana". Ba ghinearál é nuair a ghortaíodh é ag Cath Zorndorf.
Ina dhiaidh sin, d’fhreastail sé tríocha bliana mar Ghobharnóir na hEastóine agus na Livóine. D’éag sé i Ríge in aois 94 bliain ar an 18 Meán Fómhair 1792.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads