Sinéad de Valera

múinteoir agus scríbhneoir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Sinéad de Valera
Remove ads

Ba bhean chéile Éamon de Valera (taoiseach, uachtarán agus réabhlóidí Éireannach) í Sinéad de Valera (3 Meitheamh 18787 Eanáir 1975), nó Sinéad Ní Fhlannagáin.[1] Thugtaí an t-ainm Sinéad Bean de Valera uirthi freisin go minic.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Thumb
1975: Cuireadh Sinéad agus Éamon le chéile i Reilig Ghlas Naíon
Remove ads

Saol

Rugadh í leis an ainm Jane nó Janice Flanagan i mBaile Brigín, Contae Bhaile Átha Cliath i 1878 (d'athraigh sí a h-ainm baiste níos déanaí). Bhí sí ina múinteoir i mbunscoil ar Sráid Dorset, i lár na cathrach. In a ham saor, mhúin sí an teanga Gaeilge leis an grúpa Conradh na Gaeilge. I measc na ndaltaí a bhí aici ná múinteoir eile, Eamon de Valera, a bhí ag múineadh matamaitic.

Pósadh Sinéad agus Éamon ar an 8 Eanáir 1910, cé go raibh Sinéad ceithre bliana níos sine.

Rugadh seachtar páistí acu, cúigear buachaillí agus beirt cailíní.

Bhí cáil agus cumhacht ar a fear céile níos déanaí, ach bhí Sinéad sásta fanacht amach as an saol polaitiúil. Scríobh sí scéalta do dhaoine óga, as Gaeilge agus as Béarla.

Remove ads

Bás

Fuair Sinéad de Valera bás ar 7 Eanáir 1975 ag 96 bliain d'aois, a lá roimh cothrom an lae a pósadh. Fuair Eamon bás ocht mí níos déanaí. Cuireadh iad le chéile i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath.

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads