The Simpsons
From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is é The Simpsons an tsraith bheoite Mheiriceánach is fadsaolaí riamh. Baineann sé le saol na Simpsons, teaghlach Meiriceánach a chónaíonn in Springfield, baile sna Stáit Aontaithe. Craoladh an chéad eipeasóid ar 17 Nollaig 1989 ar ghréasán Fox. Ó shin, tá breis agus 654 eipeasóid craolta. Tá an tsraith an-cáiliúil ar fud an domhain agus glacann a lán daoine cáiliúla páirt mar aoi-réaltaí.
Meastar gurb é The Simpsons ceann de na sraitheanna is mó éilimh i stair na teilifíse. Tá clú ar an stíl ait ealaíne atá ann: bíonn craiceann buí agus súile móra ar na carachtair, agus ceithre mhéar ar a lámha.
Remove ads
Plota
Cúigear atá i dteaghlach na Simpsons, .i. Homer, a bhean chéile Marge, agus a gclann, Bart, Lisa agus Maggie. Tá cónaí orthu ag 742 Evergreen Terrace i mbaile Springfield i SAM (ní luaitear stát leis).
Eipeasóidí
Stair

Chruthaigh Matt Groening an clár sa bhliain 1987 nuair a iarradh air sraith chartún gearr a scríobh do The Tracy Ullman Show a chraolfaí ag tús agus deireadh na sosanna fógraí. Bhunaigh Groening na carachtair ar a mhuintir féin. Craoladh an chéad chartún ar 19 Aibreán 1987. Rinneadh 48 gceann de na cartúin seo san iomlán.
Sa bhliain 1989, lorg Fox séasúr de thrí heipeasóid déag, leathuair an chloig an ceann. Craoladh an chéad eipeasóid, Simpsons Roasting on an Open Fire, ar 17 Nollaig 1989. Bhí móreileamh air láithreach bonn. B'aoir é ar shaol an lae inniu sna Stáit Aontaithe, agus é mar fhritéis don sitcom teaghlaigh tipiciúil Meiriceánach.
Aisteoirí gutha
Remove ads
Naisc sheachtracha
- (Béarla) Suíomh oifigiúil
- (Béarla) The Simpsons Archive
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads