Torstein Slungård
polaiteoir Ioruach From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Ba pholaiteoir Ioruach de chuid an Pháirtí Liobrálaigh é Torstein Slungård (5 Meán Fómhair 1931 — 14 Lúnasa 2009).
Ceapadh é ina Státrúnaí san Aireacht Rialtais Áitiúil agus Saothair ó 1965 go Lúnasa 1969 agus Deireadh Fómhair 1969 go 1971, le linn Chomh-aireacht Borten.[1] Tháinig an sos toisc gur sheas sé san olltoghcháin i 1969, agus níl cead ag Státrúnaí atá in oifig seasamh i dtoghchán, de réir Bhunreacht na hIorua. Níor bhuaigh sé suíochán sa toghchán, ach bhí sé ina leasionadaí i bParlaimint na hIorua ó Akershus le linn na dtéarmaí 1965–1969 agus 1969–1973.
Bhí sé ina bhall de chomhairle chathrach Nittedal ar feadh seacht dtéarma, 28 bliain,[2] ina mhéara ó 1976 go 1977,[3] ina bhall de chomhairle contae Akershus agus ina chathaoirleach ar chraobh an pháirtí réigiúnaigh. Bhí sé ina leaschathaoirleach ar an bpáirtí náisiúnta freisin.[4]
Bhí sé ina chónaí in Dovre nuair a bhí sé amach sna blianta, agus fuair sé bás in 2009.[3]
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads