Uíbh Fhailí (Dáilcheantar)

From Wikipedia, the free encyclopedia

Uíbh Fhailí (Dáilcheantar)
Remove ads

Is Dáilcheantar 3 suíochán é Uíbh Fhailí (bhí an Dáilcheantar Laois-Uíbh Fhailí ann in 2020). Bhí sé ceangailte le Laois in 2020 agus in 2016 cuireadh sciar mór de thuaisceart Thiobraid Árann leis.

Thumb
Marcella Corcoran Kennedy (FG), 2016
Fíricí Gasta Suíomh, Sonraí stairiúla ...
Remove ads

Toghcháin

Olltoghchán 2016

Toghadh Barry Cowen (Fianna Fáil), Marcella Corcoran Kennedy (Fine Gael) agus Carol Nolan (Sinn Féin).    Níor éirigh le John Leahy (Renua).  

Olltoghchán 2020

Toghadh Barry Cowen (Fianna Fáil) agus Carol Nolan (Sinn Féin) in Uíbh Fhailí.  Níor éirigh le John Leahy aon uair amháin eile.  Fuair Nolan os cionn 3,000 vóta aistrithe in 2020 ó Leahy, duine eile a bhí in aghaidh ginmhilleadh a cheadú (agus a bhí ina cheannaire ar feadh píosa ar Renua).[1]

Thumb
Carol Nolan (SF/Nspl) in 2015

Olltoghchán 2024

Tháinig deireadh le ré mhuintir Cowen sa Dáil, ré a théannn siar go 1969, nuair a toghadh Bernard Cowen den chéad uair. Nuair a bhásaigh sé i 1984 d’éirigh lena mhac Brian Cowen (FF) suíochán a athar a choinneáil sa gclann i bhfothoghchán. Nuair a d’éirigh Brian as in 2011 toghadh a dheartháir Barry Cowen ina Theachta Dála. Ansin d'éirigh Barry ina Fheisire Eorpach in 2024. Mar sin ní raibh an t-ainm Cowen ar an bpáipéar ballóide ó 1969.

11 iarrthóir ar fad a bhí san iomaíocht in Olltoghchán 2024. Ní raibh ach duine de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020 ag seasamh: Carol Nolan (neamhspleách), Protastúnach le Gaeilge líofa atá lonnaithe i mBiorra. Bhíodh sí ina príomhoide ar Ghaelscoil. Toghcheantar é seo ina  bhfuil tacaíocht láidir ag Fine Gael. Agus gan ach iarrthóir amháin ag an bpáirtí in 2024, ní raibh aon stró ar an gcomhairleoir John Clendennen (FG) an suíochán a bhuachan. Is as ceantar Bhiorra eisean chomh maith.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Tony McCormack (FF) agus John Clendennen (FG) agus atoghadh Carol Nolan (neamhspleách).

Remove ads

Féach freisin

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads