EOECNA
Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a bunaíodh sa bhliain 1945 é Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA).[1][2]
Bunaíodh é faoi Chairt na Náisiún Aontaithe le haghaidh comhoibriú idirnáisiúnta i réimsí oideachasúla, eolaíochta, agus cultúrtha a chur chun cinn.
Tá 193 ballstát agus 6 ball comhlacha ag UNESCO sa bhliain 2020.[3] D'éirigh SAM as sa bhliain 1984.[4]
Remove ads
Suíomhanna
Tá oifigí ag UNESCO i go leor suíomhanna timpeall an domhain. Tá a ceanncheathrú lonnaithe i bPáras na Fraince.
Gradaim
Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain
Bunaíodh an Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO i 1992 le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a measann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr an domhain.[5] Bhunaigh UNESCO clár Cuimhne an Domhain i 1992 chomh maith chun caomhnú a dhéanamh ar ábhar luachmhar oidhreachta a bhí i mbaol de bharr na cogaíochta agus an tsuaite sóisialta nó de bharr easpa acmhainní.[6]
2011ˑ Cuireadh an Leabhar Cheanannais le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.
2018ː Cuireadh Cnuasach Bhéaloideas Éireann le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.[7] Tá an cnuasach béaloidis le háireamh ar chlár UNESCO mar gheall ar a “thábhacht dhomhanda” agus “an luach domhanda thar na bearta don chultúr”.
Sa bhliain 2017, bhí stádas UNESCO á lorg don Ghàidhlig, do chultúr Gaelach na hAlban agus do na h-Eileanan Siar. Ach ní bhfuair siad é (fós).

Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe
I mí na Nollag 2015 dhaingnigh Éire Coinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe.[8] Tagraíonn oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe ‘do na cleachtais, léirithe, nathanna, eolas, scileanna - chomh maith leis na hionstraimí, réada, déantáin agus spásanna cultúrtha lena gcois - a aithníonn pobail, grúpaí agus, i roinnt cásanna, daoine aonair mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha.
Ghlac UNESCO le cluiche na hiománaíochta,[9] píobaireacht uilleann agus cláirseoireacht na hÉireann, mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.
Remove ads
Féach freisin
Naisc sheachtracha
- UNESCO.org Líonláithreán oifigiúil UNESCO
- whc.unesco.org Líonláithreán oifigiúil Oidhreacht an Domhain le liosta iomlán agus bunachair shonraí fairsinge
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads