Valentin Rasputin

scríbhneoir Rúiseach (1937-2015) From Wikipedia, the free encyclopedia

Valentin Rasputin
Remove ads

Scríbhneoir Rúiseach é Valentin Grigoryevich Rasputin (ar an 15 Márta a rugadh é, sa bhliain 1937; shíothlaigh sé ar 14 Márta 2015) agus é ar dhuine de na "prós-scríbhneoirí tuaithe" ina thír dhúchais. Chaith sé cuid mhór dá shaol i réigiún Irkutsk sa tSibéir, agus is é is téama dá chuid scríbhinní ná scoiteacht agus anóime an tsaoil chathartha agus an troid a chuireann muintir na tuaithe ar son a saoil shimplí féin, le teacht slán ón gcathair.

Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...

Is é an saothar is clúití a tháinig óna pheann ná Прощание с Матёрой/Proshchanie s Matyoroi ("Slán ag Matyora"), gearrscéal fada faoi oileán Matyora sa tSibéir atá le fágáil faoin uisce, agus taiscumar nua á thógáil. Meafar atá ann a thugann cur síos ar léirscrios an nádúir Rúisigh sna blianta Sóivéadacha in ainm an dul chun cinn.

Leis na blianta beaga anuas, áfach, táthar á chur i leith Rasputin go bhfuil sé go róthréan in éadan an tsaoil nua-aimseartha agus go mbíonn sé ag comhoibriú le náisiúnaithe frith-Ghiúdacha.

Thumb
Remove ads

Saol

Tháinig Valentin Rasputin chun saoil i sráidbhaile Ust-Uda i gCúige Irkutsk sa tSibéir. Bhí a athair ag obair do shiopa comharchumainn an tsráidbhaile, agus a mháthair ina banaltra. Ní raibh Valentin óg i bhfad ar an saol, nuair a d'aistrigh an teaghlach go léir go sráidbhaile eile sa cheantar, Atalanka.

Thumb
le Putin sa bhliain 2002

Bhí an dá shráidbhaile suite cois Abhainn Angara, agus fágadh faoin uisce iad nuair a tógadh Taiscumar Bryansk sna seascaidí, ionas gurbh éigean don dá phobal socrú síos ní b'fhaide ón abhainn. Ag trácht ar bhlianta a chéad óige dó ní ba déanaí, dúirt Rasputin gur tréimhse shona a bhí ann i ndiaidh an iomláin, cé go raibh a mhuintir i gcruachás go minic.

Bhí Valentin beag sách seanchríonna mar pháiste, agus é thar barr ag tógáil léinn ar scoil. Nuair a bhí an bhunscoil ceithre bliana críochnaithe aige sa bhliain 1948, chuaigh sé go hUst-Ude arís, leathchéad ciliméadar ó Atalanka, le dul ar mheánscoil. Bhí sé ar an gcéad pháiste ó Atalanka a bhain amach ardteastas na meánscoile mar sin.

Chuaigh sé go hOllscoil Irkutsk ag foghlaim léinn agus bronnadh a chéim air sa bhliain 1959. Ansin chuaigh sé le hiriseoireacht mar ghairm bheatha, agus é ag scríobh do nuachtáin an Komsomol (ógeagras an Pháirtí Chumannaigh san Aontas Sóivéadach) in Irkutsk agus in Krasnoyarsk.

Remove ads

Tagairtí

Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads