Veikko Huovinen

scríbhneoir Fionlannach From Wikipedia, the free encyclopedia

Veikko Huovinen
Remove ads

Scríbhneoir Fionlannach a bhí i Veikko Johannes Huovinen a rugadh i Simo, in iardheisceart na Laplainne Fionlannaí, ar an 7 Bealtaine 1929 agus a fuair bás i Sotkamo ar an 4 Deireadh Fómhair 2009.

Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...

Nuair a bhí sé ina leanbh leathbhliana, d'aistrigh a mhuintir go Sotkamo in Kainuu (an réigiún timpeall ar chathair Kajaani), áit ar chaith Veikko an chuid ba mhó dá shaol ina dhiaidh sin. Bhí féith na scéalaíochta ann ó laethanta a chéad óige. Go gairid roimh dheireadh an chogaidh, chuaigh sé sna fórsaí frith-aerárthaí dá dheoin féin, agus nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh, d'fhill sé ar an scoil leis an ardteastas a bhaint amach. Bhain sé amach céim san fhoraoiseacht in Ollscoil Heilsincí sa bhliain 1952, agus ina dhiaidh sin, chuaigh sé ar ais go Sotkamo le ceird an fhoraoiseora a chleachtadh ansin. Sa bhliain 1956, d'éirigh sé as an bhforaoiseacht le dul le scríbhneoireacht go lánaimseartha.

D'fhoilsigh sé an chéad leabhar sa bhliain 1950 - Hirri. Gearrscéalta a bhí ann, agus fuair an bailiúchán moladh ó na léirmheastóirí, nó d'aithin siad go raibh Huovinen in ann cur síos úr, greannmhar a thabhairt ar shaol na gcúlriasc agus ar na carachtair neamhghnácha a raibh cónaí orthu i gcoillte an tuaiscirt. Sa bhliain 1952 tháinig an t-úrscéal Havukka-ahon ajattelija i gcló - "An Domhainsmaointeoir ó Havukka-aho" - agus ba é an leabhar seo a thabhaigh a chlú don údar.

Remove ads
Loading related searches...

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Remove ads