Aodh mac Conchúir
Rí Chonnacht / From Wikipedia, the free encyclopedia
Rí na gConnacht de chlann UI Bhriúin ba ea Aodh mac Conchúir (Sean-Ghaeilge Áed mac Conchobair) (bás 888). Conchúir mac Taidhg Mhóir (bás 882), ba ea a athair. Bhí sé an chéad de thriúr dheartháireacha as a chéile a ndearnadh ríthe Chonnacht díobh.[1] Síol Muireadhaigh ba ea a mhuintir. Bhí sé i réim ón mbliain 882 go dtí 888.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Ainm sa teanga dhúchais | (sga) Áed mac Conchobair |
---|---|
Beathaisnéis | |
Bás | 888 (Féilire Ghréagóra) |
Teaghlach | |
Athair | Conchúr mac Taidhg Mhóir |
Dún
Le linn réimeas Aodha, bhí coimhlint leis na Lochlannaigh. Sa bhliain 887, chloígh na Connachta na Lochlannaigh as Luimneach.[2] Sa bhliain 888, maraíodh Aidhm i gCath na nOilithreach (Cath ind ailithir[3]), inar cloíodh an tArdrí,Flann Sionna (bás 916) ag Lochlannaigh Átha Cliath.[4]