Óidin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is pearsa bainte le miotaseolaíocht na Lochlannach é Óidin (Sean-Lochlainnis: Óðinn). Tá sé ina thaoiseach ar na déithe Æsir agus ina rí ar Ascar. Chreidtí go gcónaíonn sé i halla in Ascar ar a dtugtar Glaðsheimr, ina bhfuil Valhalla suite chomh maith. Deirtear go mbeidh Óidin ina cheannaire ar na heinherjar ag Ragnarök (clapsholas na ndéithe), ach tá sé sa tairngreacht go n-íosfaidh an mac tíre Fenrir é ann.
Fíricí Gasta Óðinn, Cineál ...
Óðinn | |
---|---|
Cineál | Norse deity (en) dia an chogaidh King of the Gods (en) |
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | marfóir dragan agus King of the Gods (en) |
Muintir | |
Lánúin | Jörð (en) , Rindr (en) , Gríðr (en) , Gunnlöð (en) agus Frae |
Céile | Froig (bandia) |
Máthair | Bestla (en) |
Athair | Borr (en) |
Leanaí | Baldur, Hodhr, Hermod, Bragi, Víðarr, Túr, Meili, Heimdall (en) , Tyr (en) , Winta (en) , Váli, Skjöldr (en) agus Göte (en) |
Siblíní | Vé, Vilí agus Hœnir (en) |
Eile | |
Ball de | Æsir (en) |
Comhionann | Wōdan (en) , Woden (en) agus Billy Blind (en) |
Úinéir de | Sleipnir, Gungnir (en) , Tyrfing (en) , mead of poetry (en) agus Geri and Freki (en) |
Dún
Tá Óidin bainte leis an eagnaíocht, leis an bhfilíocht, leis an mbás, leis an draíocht agus leis an bhfios fáistine. Tugtar an tUile-Athair air, mar chruthaigh seisean agus a dheartháireacha, Vilí agus Vé, Miðgarðr (domhan na ndaoine daonna) agus an chéad chúpla daonna, Ask agus Embla.