Pósadh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Séard atá sa phósadh ná comhcheangal sóisialta nó conradh dlíthiúil idir dhaoine aonair a bhunaíonn gaol. Is aontas é atá glactha go sóisialta agus go dlíthiúil ag beirt a bheidh ina gcónaí lena chéile agus a fhanfaidh dílis dá chéile gan daoine eile a bheith páirteach.[2] Is conradh dlíthiúil é a aithníonn cearta agus freagrachtaí na lánúine, a mbaineann le céileachas, tógáil páiste agus dílseacht, do gach ball den phósadh.[3] Maireann an conradh san Iarthar go dtí go dtarlaíonn colscaradh nó bás an pháirtí.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is institiúid í ina n-aithnítear caidrimh idirphearsanta, go hiondúil atá dlúthaí agus collaí, i slite éagsúla ag brath ar an mbéascna nó an déimeagrafach. Tugtar bainis ar fhéasta an phósta.