Tegucigalpa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Tegucigalpa príomhchathair Hondúras agus an chathair is mó sa tír. Tá sí suite i ngleann den ainm céanna ag 14°5′thuaidh 87°13′thiar. Tagann an t-ainm ó Tekut Xiuatl Pan, "sliabh airgead" i Nahuatl.
Tegucigalpa | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Hondúras | ||||
Department of Honduras (en) | Francisco Morazán Department (en) | ||||
Municipality of Honduras (en) | Distrito Central (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,157,509 (2013) | ||||
• Dlús | 5,744.46 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 201.5 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Choluteca | ||||
Airde | 990 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1578 (Féilire Ghréagóra) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 11101 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | amdc.hn |
Cuireadh an chathair ar bun le linn tréimhse na coilíneachta mar ionad mianadóireachta. Ba í an chathair mhianadóireachta ba mhó i Meiriceá Láir í ar feadh tamaill, agus rinne an tUachtarán Marco Aurelio Soto príomhchathair na tíre di mar go raibh baint mhór aige féin leis an tionscal sin. Tá an chathair timpeall míle méadar os cionn leibhéal na farraige rud a mhaolaíonn an aeráid, ach suite mar atá sí ar thalamh sléibhtiúil níl sí leagtha amach go rialta mar a bhíonn go leor de na cathacha coilíneacha Spáinneacha.
Tá timpeall milliún go leith daoine ina gcónaí i mórcheantar Tegucigalpa. Éadach, siúcra agus tobac na príomhthionscail anois.