Is éard a bhí i gceist leis an gCéad Chogadh Domhanda nó an Cogadh Mór ná coimhlint dhomhanda a mhair ón mbliain 1914 go dtí an bhliain 1918. Sháraigh sé na cogaí go léir roimhe sin, agus inniu féin glactar leis go raibh sé ar an gcogadh ba mhó agus ba scriosúla i stair an chine dhaonna roimh an Dara Cogadh Domhanda. Cuireadh an chuid ba mhó den chogadh san Eoraip. Fágadh na milliúin marbh, agus tháinig domhan nua chun saoil de thoradh an chogaidh.
An Chéad Chogadh Domhanda |
|
Dáta: |
28 Iúil 1914 – 11 Samhain 1918 |
Áit: |
An Eoraip, an Afraic agus an Meánoirthear |
Toradh: |
Bua na Chomhghuaillithe. Cuireadh Conradh na Náisiún ar bun. Deireadh le hImpireacht na Gearmáine, hImpireacht na hOstaire-Ungáire, hImpireacht na Rúise, srl. |
Céilí comhraic |
|
Ceannasaithe |
|
Slua |
|
Taismigh |
Básanna: 5,525,000 Gortaithe: 12,831,500 In easnamh: 4,121,000 |
Básanna: 4,386,000 Gortaithe: 8,388,000 In easnamh: 3,629,000 |
|
Is gnách na Comhghuaillithe agus na Cumhachtaí Láir a thabhairt ar an dá thaobh sa chogadh seo.
An "cogadh a chuirfeadh deireadh le gach cogadh"[1]... b'shin a chreid daoine a bhí thart nuair a tháinig an sos cogaidh i bhfeidhm, ar an 11 Samhain 1918. An 11ú uair, ar an 11ú lá den 11ú mí. Bhí breall orthu; tá cogaí níos uafásaí tarlaithe ó shin[2].