Athrú aeráide
An méadú i meánteocht an domhain agus an t-athrú aeráide atá ag tarlú faoi láthair de bharr losgadh guail agus ola ón bhlian 1850. / From Wikipedia, the free encyclopedia
Na téarmaí athrú aeráide, téamh domhanda agus forthéamh domhanda ciallaíonn siad uilig an t-ardú i meánteocht an domhain de dheasca ardú CO₂ san aer ón Réabhlóid Thionsclaíoch i leith, agus na athraithe aeráide a eascraíonn uaidh seo, athraithe atá ag éirí i bhfad níos measa sna blianta beaga anuas.[1] De réir na heolaíochta, an duine agus a spleáchas ar ghual, ola agus gás nádúrtha is cúis leis an téamh domhanda gan stad agus an t-athrú aeráide.[2]
- Is fa ghéarchéim na linne seo atá an t-alt seo. Fa choinne faisnéis fa athruithe aeráide thar linnte an domhain, féach an t-alt Athrú aeráide thar na linnte
Tá fás i meánteocht an domhain le feiceáil leis na blianta,[3] agus athraithe aeráide dá dheasca sin. Má éiríonn an domhan níos teo, tá dainséar ann go n-athróidh sé sin cúrsaí báistí, srl agus go dtiocfaidh ardú ar leibhéal na farraige. Tá imní ar eolaithe freisin go n-éireoidh na ceantair thirime níos tirime fós, srl.