Béal Feirste
cathair sa Ríocht Aontaithe, príomhchathair Thuaisceart Éireann / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Béal Feirste[1] (Béarla: Belfast) príomhchathair Thuaisceart Éireann, agus í ina príomhchathair thraidisiúnta fosta ar Chúige Uladh agus ar Chontae Aontroma. Tá an chathair féin scoilte idir Contae Aontroma (siar agus ó thuaidh) agus Contae an Dúin (soir agus ó dheas). Is é an dara cathair is mó in Éirinn, agus 277,391 duine ina gcónaí ansin de réir dhaonáireamh na bliana 2001. Is é sin daonra na cathrach féin, ach má chuirtear timpeallacht na cathrach ins an áireamh, is é an daonra a gheofar ná 579,554. Is é is impleacht dó seo ná go bhfuil Béal Feirste ar an chúigiú cathair déag is mó ar fud na Ríochta Aontaithe, agus go bhfuil timpeallacht Bhéal Feirste ar an aonú comhchathair déag is mó.
Béal Feirste | |||||
---|---|---|---|---|---|
Belfast (en) | |||||
Mana | «Pro Tanto Quid Retribuamus?» | ||||
Ainmnithe in ómós | Abhainn na Feirste | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | ||||
Administrative territorial entity of Northern Ireland (en) | ceantar Bhéal Feirste | ||||
Príomhchathair de | Tuaisceart Éireann (1921–) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 345,006 (2021) | ||||
• Dlús | 3,000.17 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 114.995472 km² | ||||
Airde | 3 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 28 | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 118005 | ||||
Suíomh gréasáin | belfastcity.gov.uk |
Tá rialtas Thuaisceart Éireann suite i mBéal Feirste. Tá Tionól Thuaisceart Éireann ag obair i bhfoirgnimh na Parlaiminte i Stormont, agus Rúnaí an Stáit do Thuaisceart Éireann i gCaisleán Chromghlinne, áit a gcónaíonn an Bhanríon Shasana fosta, agus í ar cuairt ins an stáitín.