Caisleán
struchtúr daingnithe a tógadh sa Mheánaois / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is féidir an caisleán a shainmhíniú mar "áit chónaithe dhaingnithe an tiarna agus a lucht leanúna": sin é le rá, baineann idir chúrsaí sóisialta agus chúrsaí ailteoireachta leis. Is féidir leis an gcaisleán an fód a sheasamh i gcoinne ionsaí díreach nó imshuí, agus ní hionann é agus an "teach daingnithe". Seasann an caisleán don tiarnas áitiúil, agus ligeann sé don tiarna smacht a chur ar bhunadh na háite.
Nuair a tógadh na chéad chaisleáin san Eoraip timpeall na bliana 1000 bhí baint acu le sochaí de shaghas áirithe: an córas feodach. Chuaigh an stát Cairilínseach i léig agus rinneadh rud réigiúnach den chumhacht (an feodú), rud ba chúis le coimhlint idir tiarnaí móra agus beaga agus le saol achrannach dá bharr. Tháinig a lán údarás réigiúnach agus áitiúil ar an bhfód agus gá acu le díormaí armtha; ón deichiú haois amach bhí an Eoraip breac le caisleáin dá bharr. Dá láidre iad na prionsaí is ea is lú a tógadh na caisleáin, ach nuair a bhí an chumhacht úd lag chuaigh na háiteanna daingnithe i líonmhaireacht. Sna críocha Gearmánacha, mar sin, áit ar fhan an tImpire tréan anuas go dtí an 13ú haois, bhí moill ar leathadh na gcaisleán go dtí an 12ú haois; ach i lár agus in iarthar na Fraince, áit nach raibh údarás ag an Rí agus a raibh lámh na nDiúc agus na gcuntaí lag go leor, tháinig borradh faoi na caisleáin measartha luath (uaireanta ó dheireadh an 9ú haois). Ón 13ú haois amach cuireadh srian leo de bharr neartú na cumhachta ríoga.
Ní bheadh an t-údarás céanna ag gach tiarna ná caisleáin den saghas céanna acu. Na prionsaí agus na cuntaí, daoine a mbeadh leathantas mór talún faoina smacht acu, thógaidís caisleáin mhóra dá réir le haghaidh a gcuid ridirí, saighdiúirí agus feidhmeannach. Chaithfeadh an tiarna beag a bheith sásta le túr, le teach daingnithe nó le múr féin. Ach dhéanfadh na prionsaí féin a gcuid tailte a threisiú le hionaid bheaga dhaingnithe, agus scata beag fear iontu lena gcosaint. Ar an taobh eile, d'fhéadfadh miontiarnaí éigin caisleán breá a thógáil le brabach creiche nó cíosa. Uaireanta bheadh clúid dídine ann do mhuintire na háite. Níorbh í cosaint na ndaoine ba chuspóir do na tiarnaí agus dá gcuid caisleán, áfach, ach cothú na cumhachta.
Ó thús an 13ú haois amach is mó ná riamh an lámh a bhíonn ag na "hinnealtóirí" i dtógáil na gcaisleán. Go dtí sin ba ghnách áit oiriúnach a fháil mar arbh fhéidir dul i muinín neart na múr. Is éard a bhí mar thoradh ar shaothrú na hailteoireachta míleata (rud a raibh baint aige le teacht chun cinn na n-inneall imshuí) gurbh fhéidir caisleán a thógáil ar láithreán ar bith, beag beann ar dhreach na tíre, agus os a chionn sin gurbh fhéidir caisleáin níos galánta a thógáil.
Bhí na tithe daingnithe ann fós, iad tógtha ag na miontiarnaí agus éagsúlacht ag baint leo de réir an réigiún, na haimsire agus dul chun cinn i gcúrsaí míleata.