Contae na Mí
contae in Éirinn / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá An Mhí nó Contae na Mí[1], i gCúige Laighean, Poblacht na hÉireann. Achar 2342 km². 162,621 an daonra a bhí ann de réir Daonáireamh 2006. Fadó bhí cúige den ainm seo ann 'Míde' a chiallaíonn an lár, agus ba ann de réir traidisiún a bhí ceanncheathrú Ard-Rí na hÉireann, i dTeamhair na Rí. Tá cuid de na láithreacha seandálaíochta is tábhachtaí agus is cáiliúla in Éirinn ar bhruach Abhainn na Bóinne. Is ann atá Sí an Bhrú, ionad oidhreachta domhanda. Tá talamh an-mhaith sa chontae agus rath ar fheirmeoirí na háite dá réir, agus ar na bailte margaidh a fhreastalaíonn orthu. Níl ach 26 ciliméadar de chósta ag Contae na Mí, ach tá cúpla trá ann ar nós Baile an Bhiataigh agus an Inse .
Contae na Mí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Contae An Mhí (ga) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Príomhchathair | An Uaimh | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 194,942 (2016) | ||||
• Dlús | 83.24 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 2,342 km² | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1297 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | office of the Cathaoirleach of Meath County Council (en) | ||||
Comhlacht reachtach | comhlacht reachtach Chomhairle Contae na Mí | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Cód ISO 3166-2 | IE-MH | ||||
Eile | |||||
Logainm.ie | 100024 | ||||
Suíomh gréasáin | meathcoco.ie |
Is i gContae na Mí atá Gaeltacht Ráth Chairn agus Gaeltacht Bhaile Ghib, lonnaíochtaí a cuireadh ar bun timpeall seachtó bliain ó shin le saol daoine in iarthar na hÉireann a fheabhsú. Tugadh isteach feirmeoirí beaga, as Conamara don chuid is mó, agus tugadh talamh dóibh in áit nach raibh Gaeltacht leis na céadta bliain.