Cearáité
ealaín oscartha / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ealaín oscartha a forbraíodh i Ríocht Ryukyu é cearáité[1] nó karate[2] (空手; fuaimniú Seapáinise: [kaɾate]). Tháinig sé chun cinn ó ealaíona oscartha bundúchasacha de chuid Ryukyu (ar a thugtaí 手, “lámh”) faoi thionchar na n-ealaíon oscartha Síneacha.[3][4] Sa lá atá inniu ann, is ealaín buillí é cearáité, ag baint úsáide as dornáil, ciceáil, buillí glúine, buillí uillinne, agus teicnící éagsúla a úsáideann lámh oscailte. Go stairiúil, agus i stíleanna áirithe inniu, múintear gráscar lámh, glais ailt, agus buillí ar bhrúphointí speisialta.[5] Tugtar karate-ka (空手家) ar dhuine a chleachtann cearáité.
Fíricí Gasta Cineál, Tír dhúchais ...
Cineál | ealaín oscartha agus spórt oilimpeach |
---|---|
Tír dhúchais | Ríocht Ryukyu |
Dún