Ba é James Lovelock an t-eolaí Sasanach (26 Iúil 1919 - 26 Iúil 2022 ) a chum an téis sna 1970idí gur orgánach comhdhéanta atá sa domhan ina maireann muid.[1] "Gaia" a bhaist sé ar an hipitéis seo, ina samhlaítear an Domhan iomlán ina orgánach a mhionathraíonn a chomhshaol féin chun coimeád ina staid bharrmhaith.
Ghlac James Lovelock (ar chlé), an t-eolaí Briotanach a gcuirtear síos go minic air mar ‘fáidh an athraithe aeráide’, páirt i gcomhrá poiblí leis an Ollamh Frank Convery, Stiúrthóir an Earth Institute UCD , os coinne lucht éisteachta de níos mó ná 600 duine ag Halla O’Reilly UCD i mí Aibreáin 2009[2]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
James Lovelock Breith 26 Iúil 1919Letchworth Garden City, England Bás 26 Iúil 2022 103 bliana d'aoisAbbotsbury, England Siocair bháis Bás nádúrtha (Aimhréidh )
Scoil a d' fhreastail sé/sí Ollscoil Mhanchain Strand School (en) London School of Hygiene & Tropical Medicine (en) Céim acadúil céim dochtúireachta Réimse oibre Taighde leighis , eolaíocht an domhain , futures studies (en) , timpeallacht , nature conservation (en) , comhshaolachas agus GAIA Gairm eolaí neamhspleách (1964– ) , bitheolaí , bithcheimiceoir , todhchaíoch , scríbhneoir ficsean eolaíochta , dírbheathaisnéisí , gníomhaí timpeallachta , miotagrafaí , éiceolaí , ceimiceoir , múinteoir ollscoile , eolaí Ball de Teangacha Béarla Saothar suntasach
Mac léinn dochtúireachta Andrew Watson Athair Tom Arthur Lovelock agus Nell March Gradam a fuarthas
Suíomh gréasáin jameslovelock.org
Dún
Chuir Lovelock síos ar GAIA ina leabhar GAIA: A New Look at Life on Earth (GAIA: Léargas Nua ar an mBeatha ar Domhan, 1979). Bhunaigh Lovelock an coincheap ar gheolaíocht , geoicheimic, bitheolaíocht éabhlóideach, is aeráideolaíocht, agus phléigh sé na bealaí rialaithe siarchothaithe ina n-idiroibríonn na páirteanna éagsúla den Domhan óna chroíleacán amach go barr an atmaisféir .