Major League Soccer
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sraith sacair Mheiriceánach is ea Major League Soccer (MLS) a thosaigh i 1996. Amhail an séasúr 2019 atá le teacht, beidh 24 foireann ag imirt sa léig. Tá dhá fhoireann eile beartaithe le tosú ag imirt i 2020. Is é coimisinéir na sraithe Don Garber.
Is sraithe iomlán gairmiúil é MLS, a bunaíodh sna Stáit Aontaithe, le 24 foireann, agus tá trí cinn acu lonnaithe i gCeanada, agus is é an tsraith sacair is fearr sa dá thír. Tá na moltóirí faofa ag an United States Soccer Federation agus ag an Canadian Soccer Association, a reáchtálann an spórt sa dá thír. Is baill de FIFA iad U.S. Soccer agus an CSA, a rialaíonn gach súgradh idir foirne náisiúnta agus a shocraíonn na rialacha don spórt mar aon le comhlachtaí rialaithe náisiúnta Shasana, Thuaisceart Éireann, na hAlban agus na Breataine Bige.
Bunaíodh MLS i 1993 mar shraith ghairmiúil, agus tosaíodh ag imirt le 10 bhfoireann i 1996. Tosaíonn séasúr rialta MLS ag deireadh mhí an Mhárta agus críochnaíonn sé i mí Dheireadh Fómhair, le gach foireann ag imirt 34 cluichí. Tar éis an tséasúir rialta bíonn comórtas playoff 12-fhoireann chun an curadh sraithe a chinneadh.