Poblacht bhunreachtúil chónaidhme ina bhfuil caoga stát agus ceantar cónaidhme amháin is ea Stáit Aontaithe Mheiriceá nó SAM, atá suite idir an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Ciúin. Is í an ceathrú tír is mó achar agus an tríú tír is mó daonra ar domhan. Tá caoga stát ar fad ann. Is é Alasca an ceann díobh is mó achar, agus California ar an gceann is líonmhaire daonra.
Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Stáit Aontaithe Mheiriceá |
---|
United States of America (en) Estados Unidos de América (es) Wááshindoon Bikéyah Ałhidadiidzooígíí (nv) Iunaite Sitete o Amerika (sm) Estados Unidus (ch) ᏌᏊᎢᏳᎾᎵᏍᏔᏅᏍᎦᏚᎩ ᎾᎿ ᎠᎺᏰᏟ (chr) 美利堅合眾國 (zh-tw) |
|
|
|
|
|
Aintiún | The Star-Spangled Banner (3 Márta 1931) |
---|
|
|
Mana | «In God We Trust» (1956) |
---|
Siombail oifigiúil | iolar maol |
---|
Ainmnithe in ómós | Meiriceá |
---|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Príomhchathair | Washington, D.C. |
---|
|
Iomlán | 332,278,200 (2021) |
---|
• Dlús | 33.81 hab./km² |
---|
Líon na dteaghlach | 122,354,219 (2020) |
---|
Teanga oifigiúil | Béarla (de facto) |
---|
|
Cuid de | Meiriceá Thuaidh |
---|
Achar dromchla | 9,826,675 km² |
---|
Imeallbhord | 95,471 mi |
---|
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An tAigéan Artach, An tAigéan Ciúin agus An tAigéan Atlantach |
---|
Pointe is airde | Denali (6,190 m) |
---|
Pointe is ísle | Badwater Basin (en) (−86 m) |
---|
Ar theorainn le | |
---|
|
Leanann sé/sí | An Chónaidhm agus Thirteen Colonies (en) |
---|
Cruthú | 4 Iúil 1776: (Forógra Saoirse Mheiriceá) 12 Bealtaine 1784: (Treaty of Paris (1783) (en) ) |
---|
Eachtra thábhachtach | |
---|
Saoire phoiblí | |
---|
|
Córas rialtais | córas uachtaránachta, poblacht chónaidhme agus poblacht |
---|
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas Feidearálach Stát Aontaithe Mheiriceá |
---|
Comhlacht reachtach | Comhdháil na Stát Aontaithe |
---|
• Uachtarán na Stát Aontaithe | Joe Biden (2021–) |
---|
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe |
---|
|
OTI ainmniúil | 23,315,080,560,000 $ (2021) |
---|
Airgeadra | dollar na Stát Aontaithe |
---|
|
Lonnaithe i gcrios ama | UTC−12:00 (a Oileán Howland, Baker Island (en) )UTC−11:00 (a Samó Mheiriceá, Midway Atoll (en) , Palmyra Atoll (en) , Kingman Reef (en) , Jarvis Island (en) )UTC−09:00 (a Alasca)UTC−08:00 (a Washington, California, Oregon, Nevada, Idaho)UTC−07:00 (a Wyoming, Utah, Nua-Mheicsiceo, Montana, Colorado, Dakota Thuaidh, Idaho, Nevada, Nebraska, Dakota Theas, Oregon, Arizona, Kansas, Texas, Oklahoma)UTC−06:00 (a Wisconsin, Oklahoma, Missouri, Mississippi, Minnesota, Louisiana, Iowa, Illinois, Arkansas, Alabama, Michigan, Indiana, Kentucky, Florida, Dakota Theas, Dakota Thuaidh, Texas, Kansas, Tennessee, Nebraska)UTC−05:00 (a Maine, New Hampshire, Vermont, Massachusetts, Oileán Rhode, Connecticut, Nua-Eabhrac, Nua-Gheirsí, Pennsylvania, Maryland, Washington, D.C., Delaware, Ohio, Indiana, Michigan, Virginia Thiar, Kentucky, Virginia, Tennessee, Carolina Thuaidh, Carolina Theas, Georgia, Florida)UTC−04:00 (a Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean, Pórtó Ríce)UTC+10:00 (a na hOileáin Mháirianacha Thuaidh, Guam)UTC+12:00 (a Wake Island (en) )Samoa Time Zone (en) Atlantic Time Zone (en) An tAmchrios Lárnach Amchrios Alasca Amchrios na Sléibhte Chamorro Time Zone (en) |
---|
Fearann Idirlín barrleibhéil | .us, .mil (en) agus .gov |
---|
Glaochód | +1 |
---|
Uimhir theileafóin éigeandála | 911 |
---|
|
Cód tíre | US |
---|
|
|
|
Suíomh gréasáin | usa.gov |
---|
|
Dún
Tá na Stáit Aontaithe ar an t-aon ollchumhacht amháin ar an domhan inniu, nó is í an tír seo atá chun tosaigh ó thaobh na heacnamaíochta, na n-armálacha agus an chultúir de ar an gcuid eile dár bpláinéad. Aithnítear tionchar na luaineachtaí eacnamaíocha sna Stáit Aontaithe ar gheilleagar na dtíortha eile, breathnaítear ar scannáin agus ar chláir teilifíse de dhéantús na Stát Aontaithe, agus labhraítear Béarla Mheiriceá mar fhrancbhéarla idirnáisiúnta. Tarraingíonn cumhacht dhoshéanta na Stát Aontaithe idir adhradh agus fhuath ar an tír, ach ní féidir dearmad ná droichead a dhéanamh di.
Tá an chuid is mó de na stáit suite in aon limistéar amháin in Ilchríoch Mheiriceá Thuaidh. Tá dhá stát ann agus iad scartha ón mbloc seo, mar atá, Stát Haváí, ar oileánra é san Aigéan Ciúin, agus Stát Alasca, a bhfuil stiall chaol de thailte Chúige An Cholóim Bhriotanach, Ceanada, idir é agus Stát Washington.
Stát daonlathach liobrálach is ea na Stáit Aontaithe, agus bhí páirt thar a bheith tábhachtach ag an tír i bhforbairt stairiúil an daonlathais nua-aimseartha. Ós rud é go bhfuil náisiúnachas an stáit bunaithe ar an mbunreacht agus ar an traidisiún daonlathach in áit aon náisiúntacht nó dream eitneach ar leith, fáiltítear lucht inimirce ó gach cearn den domhan, agus dá réir sin, tá na Stáit Aontaithe ar ceann de na tíortha is ilchultúrtha ar fud an domhain. Cé go mbíonn fadhbanna móra ag an tír le ciníochas agus le foréigean, is féidir a rá go raibh córas daonlathach na Stát Aontaithe ábalta an faobhar a bhaint de na fadhbanna seo sa deireadh.