Mikhail Sholokhov
scríbhneoir Sóivéadach (1905-1984) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Rúiseach a bhí i Mikhail Aleksandrovich Sholokhov (rugadh é in aice le Rostov na Donu i ndeisceart na Rúise ar 24 Bealtaine 1905, agus fuair sé bás ar 24 Feabhra 1984). Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1965.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Ba é an t-úrscéal fada eipiciúil úd Тихий Дон/Tikhiy Don ("An Abhainn Chiúin Don") a thabhaigh an duais dó. Is í dúchinniúint na gCosacach cois Abhainn Don i ndeisceart na Rúise is ábhar don úrscéal.[2]