Shamrock Rovers Football Club
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is club peile Éireannach é Shamrock Rovers Football Club (Gaeilge: Cumann Peile Ruagairí na Seamróige) as Baile Átha Cliath a imríonn i Sraith na hÉireann. Is é Ruagairí na Seamróige an club is rathúla in Éirinn.[1] Tá sé shraith déag buaite aige agus ceithre Choirn Cumann Peile na hÉireann buaite is fiche. Tá níos mó imreoirí soláthartha d'Fhoireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann leis an club ná aon club eile. Is é an club is rathúla i gcomórtas Éireann uile freisin.[2] Bunaíodh Ruagairí na Seamróige sa Rinn sa bhliain 1901 de réir an chlub,[3] ach níl dáta bunaithe soiléir ann. Áitíonn tacadóirí éigin gur is é 1899 dáta bunaidh an chlub.
Ní mór feabhas a chur ar an litriú agus/nó ar an ngramadach san alt seo. Ná bain an chlib seo den alt ach i ndiaidh do chainteoir dúchais nó líofa súil a chaitheamh air, le do thoil.
Tar éis an t-alt a cheartú, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. |
Shamrock Rovers Football Club | ||||
Sonraí | ||||
---|---|---|---|---|
Leasainm | Na Fonsaí, Ruagairí, Seamróga | |||
Cineál | club sacair | |||
Foirm dlí | ||||
Dáta a bunaíodh | 1901 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Spórt | sacar | |||
Sraith spóirt | Sraith na hÉireann | |||
Ionad baile | Staid Thamhlachta: Tamhlacht . 6,000 | |||
Rialachas corparáideach | ||||
Ceanncheathrú | ||||
Príomhchóitseálaí | Stephen Bradley | |||
Eile | ||||
Dath | glas, bán | |||
Trealamh spóirt | ||||
| ||||
Suíomh gréasáin | http://www.shamrockrovers.ie/ | |||
Bhuaigh an club Sraith na hÉireann i 1922/23 in a chéad séasúr san sraith. Bhunaigh sé a stádas is rathúla faoi 1949 le 44 trófaithe móra buaite aige. Bhuaigh an club trí sraith agus dhá Chorn Chumann Peile na hÉireann le linn na 1950idí agus d'éirigh sé an chéad club Éireannach páirt a ghlacadh i gcomórtas Eorpach nuair a d'imir sé i gCorn na hEorpa sa bhliain 1958.[4] Bhuaigh an club sé Chorn Chumann Peile na hÉireann i ndiaidh a chéile sa 1960idí, rud atá curiarracht. Chuaigh an fhoireann go dtí Stáit Aontaithe Mheiriceá sa bhliain 1967 agus bhunaigh siad an Cumann Sacair Aontaithe in éineacht le clubanna Eorpacha eile.[5] Bhuaigh an club Sraith na hÉireann ceithre uair i ndiaidh a chéile idir 1983 agus 1987.
D'imir an club ag Páirc Ghleann Molúra ó 1926 go 1987, nuair a dhíol úinéirí na chlub an staid le forbróirí maoine in imthosca conspóideacha.[6] Bhog an fhoireann timpeall Baile Átha Cliath ar dhá bhliain is fiche ina dhiaidh sin ag imirt i staideanna ar cíos. Bhog an club isteach i Staid Thamhlachta roimh thús na séasúr 2009, tar éis fanacht fada mar gheall ar díospóidí dhlíthiúil agus moilleadóireachta nuair a raibh an club caomhnaithe ar éag lena tacadóirí.[7] Chaith Ruagairí na Seamróige geansaithe le stríoca glas agus bán go dtí 1926, nuair a thosaigh sé ag imirt i ngeansaithe le fonsaí ina áit.[8] Is é an tseamróg siombail an chlub.
Tá an club ar úinéireacht ag na tacadóirí ó 2005. Tá sé a reáchtáil ar bhonn ballraíochta. Is é taobh theas de Bhaile Átha Cliath áit dhúchais fhormhór na tacadóirí. Bíonn iompairc dhian ann idir Na Fonsaí agus Bohemians.[9]