Solas
From Wikipedia, the free encyclopedia
Séard is solas ann ná radaíocht leictreamaighnéadach atá infheicthe don súil, nó an chuid den radaíocht sa speictream leictreamaighnéadach atá infheicthe ag súile daonna, is é sin na tonnfhaid idir 390 nm (vialait) is 780 nm (dearg). [1] Is é an fótón an buncháithnín atá ag solas. Is iad an trí bhuntomhas atá ag solas ná:
- Déine, nó aimplitiúd (a bhaineann le cé chomh geal is a airítear an solas)
- Minicíocht, nó tonnfhad (a bhaineann le dath an tsolais a airítear)
- Polarú, nó uillinn chreathach (nach n-airíonn daione go hiondúil)
Léiríonn solas tréithe tonnta agus cáithníní ag an am céanna mar gheall ar déacht toinne is cáithnín a bhíonn i gceist le damhna.
Cuimsíonn an raon en radaíocht na dathanna seo: vialait, gorm, glas, bui, flannbhuí, dearg, agus na dathanna éagsúla ag freagairt do thonnfhaid éagsúla.[1]
Bíonn solas bán comhdhéanta as raon tonnfhad (raon dathanna), rud a chruthaítear trí léas solais bháin a leathadh trí phriosma. Is solas monacrómatach solas ar dhath amháin, agus is léasar an fhoinse solais is fearr chun solas gar do bheith monacrómatach a chruthú.