The Chieftains
From Wikipedia, the free encyclopedia
Grúpa ceoil traidisiúnta Éireannach atá sna Chieftains, a bunaíodh sa bhliain 1963. Is iad Paddy Moloney, Michael Tubridy, Matt Molloy, Kevin Conneff, Seán Keane, Martin Fay, agus Derek Bell na baill a bhí ag seinm leis an mbanna i rith na mblianta. Is é Maloney atá ina cheannaire ar an mbanna, agus is eisean a scríobhann nó a chóiríonn an chuid is mó den saothar atá acu.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1963, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1962 – |
Lipéad ceoil | Claddagh Records Island Records |
Seánra | Ceol tíre |
Codanna | |
Eile | |
Gradam a fuarthas | |
Suíomh gréasáin | thechieftains.com… |
Is ón leabhar Death of a Chieftain leis an údar Éireannach John Montague a thagann ainm an bhanna.
Tá ceol seinnte agus taifeadta ag na Chieftains le roinnt mhór ceoltóirí mór le rá eile, ar nós Van Morrison, Moya Brennan, Mark Knopfler, Loreena McKennitt, Mick Jagger, Elvis Costello, Roger Daltrey, Nanci Griffith, Tom Jones, Sinéad O'Connor, James Galway, The Corrs, Art Garfunkel, Sting, Rosanne Cash, Jim White, Tom Partington, Ziggy Marley, Lyle Lovett, Jackson Browne agus daoine eile.
Is iomaí duais atá buaite acu chomh maith, mar shampla an Duais Grammy, Gradaim an Acadaimh amháin, Duais Emmy amháin agus an Duais Genie fosta.[1]