The Star-Spangled Banner
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é The Star-Spangled Banner (Gaeilge: An Bhratach Ghealréaltach) amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe. Ba é an file amaitéarach Francis Scott Key a chum an téacs sa bhliain 1814. Dhá bhliain roimhe sin, bhí na Stáit Aontaithe agus Sasana ag cur cogaidh ar a chéile, agus le linn an chogaidh seo, chonaic Key an cath a cuireadh faoi Baltimore i Maryland le linn an chogaidh seo. Chuaigh na longa cogaidh Sasanacha i dtír i mBá Chesapeake, ach d'éirigh leis na saighdiúirí a bhí ar garastún i bhFort McHenry, dúnfort in aice le Baltimore, stop a chur le hionsaí na Sasanach. Ní raibh i gceist leis an amhrán ar dtús ach dán a chum Key leis an eachtra seo a chur i míotar, agus is é an teideal a chuir sé air ná The Defense of Fort McHenry.
Foirm cheoil | amhrán |
---|---|
Sámpla ceoil | |
Tonúlacht | mórghléas B-maol |
Cumadóir | John Stafford Smith (en) |
Liriceoir | Francis Scott Key |
Teanga an tsaothair nó an ainm | Béarla |
Bunaithe ar | Defence of Fort McHenry (Francis Scott Key) |
Ainmnithe in ómós | Bratach Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Star Spangled Banner Flag (en) |
Dáta a bunaíodh | 1814 |
Dáta foilsithe | 1814 |
Taibheoir | Dolly Parton |
Maidir leis an bhfonn, ní raibh ann ach amhrán ólacháin ó Shasana ar dtús, To Anacreon in Heaven, agus ba é an ceolchumadóir Sasanach John Stafford Smith a chum é. Bhí na Meiriceánaigh an-doirte don fhonn, agus is iomaí cineál líricí a chuir siad leis.
Níor glacadh go hoifigiúil leis an mBratach Ghealréaltach mar amhrán náisiúnta ach sa bhliain 1933, nuair a bhí Herbert Hoover ina Uachtarán ar na Stáit Aontaithe. Bhí stádas oifigiúil ag an amhrán i gCabhlach na Stát Aontaithe ón mbliain 1889, agus bhítí á sheinm mar fháilte roimh an Uachtarán go hoifigiúil ón mbliain 1916.
Roimh an mBratach Ghealréaltach, bhí úsáid á baint as amhráin thírghráúla eile, go háirithe as Hail, Columbia, a cumadh an chéad uair mar fhonn máirseála don Uachtarán George Washington.
Is féidir an Bhratach Ghealréaltach a chanadh as Gaeilge. Ba é an tAthair Eoghan Ó Gramhnaigh a chum an leagan Gaeilge thíos.