Eoghan Ó Gramhnaigh
scríbhneoir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Sagart agus scoláire Gaeilge ba ea Eoghan Ó Gramhnaigh (Béarla: Eugene O'Growney). Rugadh é ar 25 Lúnasa 1863 ag Baile Átha Faithlinn i mBaile Átha Buí i gContae na Mí agus cailleadh é ar 18 Deireadh Fómhair 1899 i Los Angeles, California.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Lúnasa 1863 |
Bás | 18 Deireadh Fómhair 1899 36 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir ![]() |
Le Béarla a tógadh é, agus deirtear nach raibh a fhios aige go raibh an Ghaeilge ann nó gur thug mac léinn i gColáiste Naomh Fíonán san Uaimh eolas dó uirthi.
Chuaigh sé ar Choláiste Naomh Pádraig i Maigh Nuad sa bhliain 1882, agus lean sé air ag déanamh staidéir ar theanga, ar sheandachtaí agus ar stair na hÉireann. Théadh sé ar saoire sa Ghaeltacht, áit ar fhoghlaim sé conas an teanga a labhairt. Rinneadh sagart de sa bhliain 1888 agus ceapadh é mar shagart cúnta i mBaile na Carraige i gContae na hIarmhí. Sa bhliain 1891 ceapadh é mar Ollamh le Léann Ceilteach i Maigh Nuad, agus timpeall an ama chéanna rinneadh eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge de, iris a raibh roinnt alt dá chuid foilsithe cheana inti.