áit lonnaithe sa Bhreatain Bheag From Wikipedia, the free encyclopedia
Baile i Ceredigion, an Bhreatain Bheag, is ea Aberaeron Fuaimniú . Trá-bhaile a tharraingíonn a lán turasóirí atá ann. Suíomh rialtais Cheredigion é freisin. Tá daonra 1,390 in agus tá 832 (59.9%) in ann Breatnais a labhairt.
Aberaeron | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | an Bhreatain Bheag | ||||
Contaebhuirg na Breataine Bige | Ceredigion | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 1,422 (2011) | ||||
• Dlús | 898.41 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 158.28 ha | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | SA46 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 1545 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | aberaeron.info |
"Béal an Aeron" an chiall atá le "Aberaeron" i mBreatnais. Abhainn sa Bhreatain Bheag í an Aeron. Ciallaíonn "aer" ár (is é sin, sléacht) agus as sin Aeron, ainm na sean-Bhreatnach ar a ndia cogaíochta.
Tá Aberaeron suite san áit a dtagann an bóthar A487 (Aberystwyth-Cardigan) agus an A482 (Aberaeron-Lampeter) le chéile, 112.7 km ó Caerdydd agus 295 ó Londain. Tá an baile suite ag béal Abhann Aeron ar chósta thiar na Breataine Bige.
Alban Thomas Jones, ministéir, a leag amach an baile agus a rinne é a thógáil sa bhliain 1805 ag bun an Aeron, a mhéadaíodh chun port a chur isteach ann. Tógadh droichead coisithe trasna na abhann san áit sin. Sa 19ú haois forbraíodh roinnt ceirdeanna in Aberaeron. De réir an Trade Directorie, foilsithe sa bhliain 1830, bhí ceardaí olla, gréasaí, muilleoir, báicéir, gabha, dhá shaor bád, siúinéir agus haitéir ag cleachtadh a gceird ar an mbaile.
Is síol faoi thíreolaíocht na Breataine Bige é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.