Londain
príomhchathair Shasana From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is í Londain (London sa Bhéarla) príomhchathair Shasana agus na Ríochta Aontaithe.
Tá daonra de 7.5 - 14 milliún aici. De réir daoine sa limistéar faoi fhoirgneamh, is í Londain cathair an dara daonra is mó san Eoraip, i ndiaidh Pháras; de réir daoine i limistéar riaracháin na cathrach, is í Londain an ceann is mó ar fad san aontas.[1] Tá an chathair suite in oirdheisceart Shasana ar Abhainn na Tamaise. Is ionad airgeadais tábhachtach í, agus cruthaíonn an chathair an cúigiú cuid d'olltáirgeacht intíre na Ríochta Aontaithe[2] . Bhí na Cluichí Oilimpeacha ann trí huaire (1908, 1948 agus 2012.)
Is mol mór iompair í Londain. Taistealaíonn níos mó paisinéirí idirnáisiúnta tríd an bpríomhaerfort, Aerfort Heathrow, ná aon aerfort eile ar domhain. Tá an córas traenach faoi thalamh is sine ar domhain ann - An London Underground, nó "An Tiúb".

Remove ads
Logainmníocht
Tá sanasaíocht an ainm 'Londain' neamhchinnte. Is ainm ársa í agus is féidir í a aimsiú i bhfoinsí ón 2ú aois. Tá tagairt ann di mar Londinium, a thugann le tuiscint go raibh bunús Rómhánach-Briotanach léi. Go dtí 1889, bhain an t-ainm "Londain" le Cathair Londan, ach as sin amach tagraíonn sé do Londain Mhór freisin.
Stair Londan
- Féach ar Stair Londan
Cúrsaí Spóirt
Tá neart foirne peile a imríonn i Londain. Ina measc siúd tá Arsenal, Tottenham Hotspur, Chelsea F.C., West Ham United agus Fulham. Imríonn na foirne sin uilig i bPríomhroinn Sacair Shasana, nó, sa Premier League mar is fearr aithne air.
Pobal Éireannach Londan
Tá 300,000 saoránaigh Éireannacha i gcónaí i Londain ar an láthair. Tá craobh Conradh na Gaeilge ann ón 19ú haois [3].
Aeráid
Remove ads
Ceantair
![]() |
||
† Ní buirg Londan é. * Buirg Ríoga |
Remove ads
Féach freisin
Naisc Sheachtracha
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads