Is ionann Duaiseanna an Acadaimh, Gradaim an Acadaimh nó na hOscair,[1] agus gradaim a bhronnann an tAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí na Scannán (AMPAS) i Stáit Aontaithe Mheiriceá gach bliain, chun aitheantas a léiriú d'fheabhas na ndaoine gairmiúla i dtionscal na scannán, idir stiúrthóirí, aisteoirí agus scríbhneoirí.
Déantar é seo ag searmanas bronnta gach uile bhliain, i mí an Mhárta de ghnáth. Bíonn sé ar cheann de na himeachtaí teilifíse is mó ar domhan ó thaobh lucht féachana de.
Bronntar deilbhín óir (cré-umha teilgthe agus plátáilte le hór i ndáiríre) ar an duine a thugann an svae leis/léi i gcatagóir ar bith de na gradaim. Rinne an dealbhóir George Stanley an chéad cheann[2] as sceitse de chuid Cedric Gibbons.[3]
Stair
Cuireadh tús leis na Gradaim ar an 16 Bealtaine 1929. Reáchtáladh an ócáid san Ostán Roosevelt i Hollywood agus 270 i láthair. Mhair an searmanas cúig nóiméad déag. Bhronn Douglas Fairbanks Oscar ar Janet Gaynor, banaisteoir. Bronnadh Oscar "an t-aisteoir is fearr" ar Emil Jannings[4] in absentia; Naitsíoch cruthanta ba ea é agus d'fhill sé go dtí an Ghearmáin roimh an ócáid, a dheilbhín óir faoina ascaill aige.[5] $5 ba ea luach an dinnéir (b’fhéidir $100 inniu) agus d'ith an lucht scannánaíochta sicín gríosctha ar phíosa tósta, pónairí agus prátaí.[6]
Sa bhliain 1953, craoladh na Gradaim ar an teilifís don chéad uair (19 Márta ar NBC, agus ansin ABC ó 1960).
Bhí conspóid ag Gradaim an Acadaimh 2022 nuair a bhuail an t-aisteoir Will Smith an fuirseoir Chris Rock tar éis dó jóc a insint faoina bhean chéile Jada Pinkett-Smith.[7]
Níor éirigh le An Cailín Ciúin an gradam don scannán i dteanga nach í an Béarla í a thabhairt leo sa bhliain 2023. Bhí dóchas ag na Gaeil go dtabharfadh an chéad scannán Gaeilge a ainmníodh dá leithéid de ghradam an duais mhór thar Atlantach abhaile.[8]
Naisc sheachtracha
Féach freisin
Tagairtí
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.