Duine
Ainm coitianta d' Homo sapiens,speiceas uathúil ar marthain den ghéineas Homo, ó suth go duine fásta From Wikipedia, the free encyclopedia
Remove ads
Is speiceas príomhach atá sa duine nó duine daonna (ainm déthéarmach Homo sapiens). Homainid atá ann.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Seasann daoine cruinn díreach, i riocht is go bhfuil na lámha saor le ruda a láimhsiú. Tá inchinn an-fhorbartha acu agus mar sin tá réasún teibí, caint, agus inbhreithniú acu.
Is de thréithe iompraíochta na ndaoine go n-úsáideann siad teanga, go n-eagraítear i sochaithe aimhréiteacha iad, agus go bhforbraíonn siad teicneolaíocht. Maireann daoine i gcultúir gan chuntas lena lán creidimh, miotais, deasghnátha, luachanna, agus noirm shóisialta.
Tugann a nádúr fiosrach agus inbhreathnitheach ar dhaoine iarraidh a thabhairt ar a gcomhfhios a míniú, agus tionscnaíonn sé téarmaí idir ábharaíocha agus spioradálta le cur síos ar an toisc dhaonna. Dar leis an chéad dearcadh, atá onteolaíoch nó meitifisiciúil, nach bhfuil aon réaltacht ann ach amháin an ceann fisiciúil nó ábhartha. Cuireann an dara dearcadh treis ar taobh spioradálta nó neamhfhisiciúil sa bheatha, agus cuireann sé san áireamh uaireanta creideamh i nDia nó i ndéithe éagsúla agus creideamh go bhfuil anam ag daoine ach níl ag ainmhithe eile, idir creidimh eile. Is é an féinmhachnamh seo bun na fealsúnachta agus tá sé i gcáipéisí stairiúla ó thosach aimsire.
Remove ads
Tagairtí
Wikiwand - on
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Remove ads
