Adiantum
géineas plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Géineas de thart ar 200 speiceas, san fhofhíleam Vittarioideae, san fhine Pteridaceae is ea Adiantum [1]. Cuireann roinnt taighdeoirí é san fhine Adiantaceae, leis féin. Tagann ainm an ghéinéis ón Ghréigis, a chiallaíonn "gan a bheith ag fliuchadh", a thagraíonn do chumas na bhfronn uisce a chailleadh gan éirí fliuch.
Fíricí Gasta Sonraí, Is foinse é an tacsón seo de ...
Adiantum pedatum | |
Sonraí | |
---|---|
Is foinse é an tacsón seo de | maidenhair fern (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Aicme | Polypodiopsida |
Ord | Polypodiales |
Fine | Pteridaceae |
Fofhine | Vittarioideae |
Géineas | Adiantum L., 1753 |
Dún
Is Raithneach fhíneálta ghrástúil ilbhliantúil é Adiantum capillus-veneris (nó an Dúchosach sa leagan Gaeilge), a fhaightear i ngach áit, beagnach, ach sna trópaicí go háirithe. Na froind le gais chaola dhubha ghuaireacha. Na duilleoigíní ar ghais, feanchruthach neamhrialta agus na himill fillte fúthu is ag iompar sórais (crobhaingí spóragán). Timpeall 200 speiceas ar eolas.[2]