Aibítrí Seoirseacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
I stair fhada litríocht na Seoirsia cumadh trí aibítir Sheoirseacha (Seoirsis: ქართული დამწერლობა kartuli damts'erloba) chun an tSeoirsis agus na teangacha Cairtvéalacha eile a scríobh. In aibítir an lá inniu, tá 33 litir ann a chuirtear i bhfoclóirí agus liostaí san ord céanna atá in aibítir na Gréigise.
Cineál | set (en) , tacar, nodaireacht, aibítir agus script family (en) |
---|---|
Teangacha | Kartvelian (en) |
Cruthú | 5 haois |
Bunús | An tSeoirsia |
Treo téacs | clé go deas |
Representative List of the Intangible Cultural Heritage of Humanity (en) | |
Am | 2016 |
Aitheantóir | RL/01205 |
Go dtí seo, is iad Inscríbhinní Bir el Qutt ón mbliain AD 430 an scríbhneoireacht i Seoirsis is sine dá bhfuil teacht uirthi. Rinneadh na hinscríbhinní seo i mainistir Sheoirseach sa Phalaistín ag baint úsáide as an aibítir ar a dtugtar Asomtavruli. De réir a chéile d'oibrigh an aibítir Nuskhuri ina hionad go dtí an 9ú haois. Mhair seal na haibítre Nuskhuri go dtí gur tháinig an aibítir Mkhedruli, a bhfuil cruth níos cruinne ar na litreacha, ina hionadsa sa 10ú haois.[1]
Ar 30 Samhain na bliana 2016, chuir UNESCO "traidisiún cultúir beo na dtrí chóras scríbhneoireachta na Seoirsise" ar an liosta úd acu Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.[2]