Aigéad fíteach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Stór fosfair atá i láthair i ngránaigh is léagúim is ea aigéad fíteach.[1] Tugtar heicseafosfáit ionóisitóil air freisin. Is féidir leis nascadh le mianraí cosúil le cailciam, iarann is sinc lena mbithinfheidhmeacht siúd a laghdú. Mar thoradh, is féidir nach mbeidh an t-iarann chomh hinfheidhme ó fhoinsí plandúla is a bheadh ó fhoinsí ainmhíocha. Is féidir a infheidhmeacht a mhéadú, áfach, trí vitimín C a ionghabháil ag an am céanna.[2]
Fíricí Gasta Substaint cheimiceach, Mais mhóilíneach ...
Dún