From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is Escherichia coli ann (nó E.coli) ná speiceas baictéar slatchruthach a thaightear i gconair an díleá in ainmhithe, daoine ina measc, agus atá coiteann san ithir is gnáthóga uisciúla.[1]
Sonraí | |
---|---|
Ruaimniú Gram | baictéir Ghram-dhiúltacha |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Pseudomonadati |
Fíleam | Pseudomonadota |
Aicme | Gammaproteobacteria |
Ord | Enterobacterales |
Fine | Enterobacteriaceae |
Géineas | Escherichia |
Speiceas | Escherichia coli Mig., 1895 |
Ainmníocht | |
Ainm comhchiallach an tacsóin |
Tá an géineas ainmnithe as Theodor Escherich, a chéad d'aimsigh E.coli.
Ní dhéanann an chuid is mó de na tréithchineálacha E.coli aon dochar do dhaoine, ach tá roinnt fíor-phataigineach, agus is féidir leo tús a chur le dinnireacht bhaictéarach srl.
Is iad E.coli agus eintreacocas na stéige an dá chineál baictéar is coitianta. Orgánaigh bhídeacha is ea iad sin a mhaireann i bputóga ainmhithe teofhuilteacha – daoine, ba, madraí agus éanlaith san áireamh. Faightear iad go flúirseach san fhaecas, is é sin, cac.[2] Ionfhabhtaíonn E.coli an chonair úiríneach uaireanta.[1]
Léiríodh i dtuarascáil ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil sa bhliain 2023 go raibh E.coli i 14 grúpscéim phríobháideach in Éirinn.[3] Dúradh sa tuarascáil nach raibh caighdeán an uisce ó fhoinsí príobháideacha chomh maith leis an gcaighdeán uisce poiblí.[4] Tugtar le fios i dtuairisc de chuid na GCC in 2024 gur theip ar 21 scéim uisce phríobháideach ar an iomlán. Bhí tionchar aige sin ar thart ar 4,600 duine.[5]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.