Aistriú cothrománach géine
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is aistriú cothrománach géine (ACG) nó aistriú cliathánach géine [1][2] ná an ghluaiseacht d'ábhar géiniteach idir orgánaigh aoncheallacha agus/nó ilcheallacha, cé is moite de tharchur ADN ó thuismitheoir chuig a shliocht.[3] Toisc thábhachtach is ea ACG in éabhlóid go leor orgánach.[4][5]
Tá ACG ina phríomh-mheicníocht i leathnú frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach i mbaictéir,[6][7][8][9] agus glacann sé ról tábhachtach in éabhlóid na mbaictéar gur féidir leo comhdhúile nuálacha, a leithéid agus lotnaidicídí shaorga a dhíghrádú[10] agus in éabhlóid, i gcothabháil, agus i dtarchur nimhneachta.[11] Is minic a bhíonn baictéarafagaigh mheasartha agus plasmaidí páirteach ann.[12][13][14] Is féidir le géinte, atá freagrach as frithsheasmhacht in aghaidh antaibheathach i speiceas baictéarach amháin, aistriú chuig speicieas eile trí mheicníochtaí éagsúla, ar nós F pileas, agus ina dhiaidh sin faighteora na ngéinte frithsheasmhacht a armáil in aghaidh antaibheathach, a bhfuil ag éirí dúshlánach ó thaobh na sláinte de. Samhlaítear freisin go gcuireann ACG chun cinn cothabháil saol uilíoch na bithcheimice agus, ina dhiaidh sin, uilíocht an chóid ghéinitigh.[15] Bhí go leor machnaimh faoin ghéineolaíocht dírithe ar an aistriú cothrománach, ach níl an tábhacht a bhaineann le haistriú ingearach géine i measc orgánach aoncheallach ach ina thús.[16][17]
Is féidir glacadh le seachadadh géinte mar aistriú saorga géine, agus is saghas d' innealtóireacht ghéiniteach í.