Aiteann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tor le duilleoga lannacha is bláthanna buí cumhra i bhfoirm piseanna is ea an aiteann.[1] Suas le 2 m ar airde. Fairsing in Éirinn. Den chineál Ulex europeaus. Úsáidtear é chun ithir ghaineamhach a choinneáil daingnithe nó fálta a dhéanamh thart ar pháirceanna. Fadó bhí sé ina bhia d'ainmhithe. Dhéantaí camáin as a adhmad. D'úsáidtí mar luibh é mar leigheas ar an mbuíochán, galar duán, galar croí is casacht. Tá an dara cineál ann, aiteann gaelach, atá go fairsing in Éirinn freisin. Fasánn sé seo níos ísle, agus tagann na bláthanna air níos déanaí sa bhliain.[2]