scríbhneoir Gaeilge From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir, iriseoir agus craoltóir Gaeilge is ea Alex Hijmans, a rugadh agus a tógadh san Ísiltír.[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1975 48/49 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil na Gaillimhe |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir |
Fostóir | Tuairisc.ie Foinse TG4 RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Teangacha | An Ghaeilge |
Rugadh in Heemskerk na hÍsiltíre é sa bhliain 1975.
D'aistrigh Hijmans go Gaillimh sa bhliain 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim mar chuid dá chéim sa Léann Ceiltigh in Ollscoil Utrecht. Tar éis dó an chéim a chríochnú, bhain sé an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus chuaigh le hiriseoireacht in Éirinn.
D'oibrigh Hijmans le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana.
Ag deireadh na bliana 2007 chuaigh Hijmans chun na Brasaíle agus chaith leathbhliain ina chónaí in favela, bruachbhaile fíorbhocht ar imeall Salvador, an tríú cathair is mó sa tír. Sin is ábhar dá shaothar Favela (Cois Life, 2009) a ainmníodh ar an ngearrliosta de Ghradam Uí Shúilleabháin 2010, (Leabhar na Bliana do Dhaoine Fásta).[1]
D'aistrigh Hijmans Maistín (Cló Iar-Chonnachta, 2001), úrscéal do dhéagóirí, ó Ollainnis go Gaeilge. Scríobh sé dráma, Aingilín, a léiríodh i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh sa bhliain 2002.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.