From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an teanga Nahuatl nó an Nachuáitlis[1] an teanga bhundúchasach is tábhachtaí, ó thaobh na staire de, dá labhraítear i Meicsiceo. Ba í teanga na nAstacach í, a raibh ríocht mhór acu i Meicsiceo sular tháinig na conquistadores faoi cheannas Hernán Cortés leis an tír a fhorghabháil.
Nawatlahtolli, nawatl agus mexkatl | |
---|---|
Cineál | teanga |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 1,925,620 (2015) |
Stáit | Meicsiceo agus an tSalvadóir |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teanga bhundúchasach teangacha bundúchasacha de chuid Chríocha Mheiriceá Uto-Aztecan (en) Nahuan (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Instituto Nacional de Lenguas Indígenas |
Cóid | |
ISO 639-2 | nah |
ISO 639-5 | nah |
Glottolog | azte1234 |
IETF | nah |
Ceann de na teangacha Út-Astacacha í an Nahuatl, agus í gaolmhar lena lán teangacha bundúchasacha ar fud Mheicsiceo agus iardheisceart na Stát Aontaithe. Áirítear na teangacha Shoshone, Comanche, Hopi, agus Ute san fhine teangacha seo, mar shampla. Bhí ceann acu, an teanga Pipil, á labhairt chomh fada theas leis an tSalvadóir féin, agus dlúthghaol aici leis an Nahuatl.
Tá canúint éigin Nahuatl ó dhúchas ag 1.45 milliún duine inniu, agus in imeacht na gcéadta bliain, chuaigh na canúintí ar strae ó chéile, ionas go mbíonn cuid acu dothuigthe ag cainteoirí na gcanúintí eile. Mar sin, is dócha nach aon teanga amháin í an Nahuatl a thuilleadh, ach dornán teangacha dlúthghaolmhara. Is follasach go raibh tionchar mór ag an Spáinnis ar na canúintí seo go léir. Scéal eile é gur cuireadh an aibítir Laidineach - aibítir na Spáinnise - i bhfeidhm ar an Nahuatl go gairid i ndiaidh theacht na Spáinneach, agus scríobhadh a lán litríochta, filíochta, staire agus béaloidis síos ó na hAstacaigh i leagan den Nahuatl nach raibh truaillithe ag an Spáinnis go fóill. Is é seo an leagan Clasaiceach den Nahuatl.
Tá flúirse litríochta ar fáil sa Nahuatl Chlasaiceach. Mhair an teanga liteartha á saothrú ar feadh i bhfad ag na manaigh Chríostaí féin, agus iad ag scríobh scéalta cráifeacha Caitliceacha sa teanga leis an gcreideamh a chraobhscaoileadh i measc na mbundúchasach. Bhí sí fiú ina teanga riaracháin i gcuid mhaith bailte móra.
Níor tháinig deireadh leis seo ach sa bhliain 1696, nuair a choisc Séarlas a Dó, Rí na Spáinne, teangacha oifigiúla eile seachas an Spáinnis ar fud a Impireachta.
Sa bhliain 1770, tháinig reacht nua a chuir deireadh le saothrú an leagain chlasaicigh den Nahuatl. Níor fágadh ach canúintí labhartha in úsáid ina dhiaidh sin.
Cé nach bhfuil ach teanga mhionlaigh sa Nahuatl inniu, bhí tionchar tábhachtach aici ar an Spáinnis lena lá. Fuair an Spáinnis a lán téarmaí ar iasacht ón teanga sin le coincheapa nua an Oileáin Úir a ainmniú, agus chuaigh na focail Nahuatl tríd an Spáinnis ar fud an domhain. Focail Nahuatl iad ó thús
Bhain an réabhlóidí Emiliano Zapata úsáid as an Nahuatl scríofa nuair a bhí sé ag gríosú na mbundúchasach chun cogaidh in aghaidh Venustiano Carranza sa bhliain 1918.
Seo forógra a bhreac sé síos. Bhain sé úsáid as litriú na Spáinnise de réir mar a rith leis, agus ní fhreastalaíonn an litriú tobchumtha seo go rómhaith ar fhuaimeanna na teanga.
Aistriúchán:
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.