![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/2c/Sagitta_constellation_map.png/640px-Sagitta_constellation_map.png&w=640&q=50)
An tSaighead
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh / From Wikipedia, the free encyclopedia
An tríú réaltbhuíon is lú is ea an tSaighead; i measc na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tARI leo ní lú ná í ach an Capall Beag agus Cros an Deiscirt. Chuir Tolamaes san áireamh í ar a chatalóg cháiliúil, i dteannta 47 seanréaltbhuíon eile. Sna laethanta úd, áfach, bhí an réaltbhuíon seo níos lú fós, gan ach 4 chéim chearnach á dtomhas ina réisí. Sagitta an t-ainm Laidine a thugtar uirthi, a chiallaíonn saighead.
Ós rud é go bhfuil an réaltbhuíon seo suite beagán ó thuaidh den mheánchiorcal neamhaí, tá sí infheicthe ó gach uile áit den Domhan ach amháin na ceantair is faide ó dheas.
Tá na réaltbhuíonta seo a leanas teorainn ar theorainn leis an Saighead (ag tosach ar an tuaisceart agus ag oibriú ar deiseal): an Sionnach, Earcail, an tIolar agus an Deailf.
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Sagitta |
---|---|
Nod | Sge |
Ginideach Laidine | Sagittae |
Siombalaíocht | an tSaighead |
Dronairde | 19.8333 h |
Diallas | 18.66° |
Achar | 80 céim cearnach Céim 86ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | γ Sge (méid 3.47) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −70° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr |