Anacanda
géineas nathracha / From Wikipedia, the free encyclopedia
Anacandaí a thugtar ar na ceithre speiceas nathracha sa ghéineas Eunectes, buachrapairí ó Mheiriceá Theas. Orthu sin tá an t-anacanda glas (Eunectes murinus), an nathair is mó ar Domhan. Is féidir leis a bheith níos mó ná 11 m ar fhad agus os cionn 500 kg meáchain. Dath neamhlonrach air le spotaí móra neamhrialta dorcha. Áitríonn sé uisce a ghluaiseann go mall. Uaireanta, dreapann sé crainn ísle. Itheann sé éin, mamaigh, cadhmain is turtair.[1]