![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4d/Garborg_portrett.jpg/640px-Garborg_portrett.jpg&w=640&q=50)
Arne Garborg
scríbhneoir Ioruach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Prós-scríbhneoir agus údar aistí ón Iorua ab ea Arne Garborg, agus é ar thús cadhnaíochta ag úsáid an leagan Nynorsk den teanga Ioruaise. Rugadh ar an 25 Eanáir 1851 in Jæren i gcúige Rogaland é, agus fuair sé bás ar an 14 Eanáir 1924 in Asker i gcúige Akershus (inniu, i gcúige Viken). Is é an saothar is tábhachtaí dá tháinig óna pheann ná an t-úrscéal Bondestudentar ("Mic Léinn ón Tuath"). Bhunaigh sé roinnt irisí lena chuid smaointí faoi thábhacht na teanga Nynorsk a chraobhscaoileadh agus leis an teanga féin a chur chun cinn. Thairis sin d'oibrigh seisean agus an teangeolaí Rasmus Flo amach a leagan féin de cheartlitriú an Nynorsk, Midlandsnormalen nó "Caighdeán Lár na Tíre". Sa chaighdeán sin a chuaigh na leaganacha deifnideacha de shaothar Garborg i gcló.
![]() ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (nn) Aadne Eivindsson Garborg 25 Eanáir 1851 Undheim (an Iorua) |
Bás | 14 Eanáir 1924 72 bliana d'aois Asker (an Iorua) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Chríostaíocht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, drámadóir, dialannaí, scríbhneoir, file ![]() |
Teangacha | An Ioruais agus Nynorsk |
Teaghlach | |
Céile | Hulda Garborg (1887–) ![]() |
Páiste | Arne Olaus Fjørtoft Garborg ![]() |
Ainmnithe do
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Ainmníodh é do Dhuais Nobel sa Litríocht sé huaire.[1]