From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist leis an mbréagnuacht (nó bréagaisnéis, nuacht bhréige nó fiú ‘bobnuacht’,[1] Béarla: 'fake news') -- ná iarracht a dhéantar de bhun tola chun eolas míchruinn, nó bréageolas fiú, a scaipeadh. De ghnáth, baineann lucht na bréagnuachta úsáid as ceannlínte tarraingteacha agus scéalta nuachta bréagacha chun daoine a spreagadh chun na scéalta sin a roinnt ar líne.
"Sin é mo scéal agus má tá bréag ann bíodh, mar ní mise a chum ná a cheap é", a deireadh na scéalaithe in Éirinn fadó. Bhí ar an lucht éisteachta a n-intinn féin a dhéanamh suas maidir lena chruinneas.
Tá fhios againn go raibh an bhréagaisnéis go mór in úsáid ag na Naitsithe, a thug go dtí hardleibhéal díobhála agus oilc é.[2] Cúpla bliain níos déanaí, sna tíortha cumannacha, bhí na hintinní á líonadh le bolscaireacht.
Sna 2010idi, tháinig coincheap na bréagnuachta chun cinn arís agus tús á chur le seal an Uachtaráin Donald Trump sa Teach Bán sa bhliain 2017. Tháinig an coincheap i mbéal tar éis do Kellyanne Conway, comhairleoir speisialta do Trump, trácht a dhéanamh ar "fhiricí malartacha" (Béarla: “alternative facts”) agus ise ag maíomh faoi slua ollmhór, mar dhea, ag insealbhú Trump ar an 20 Eanáir 2017.
D'oiriúnaigh Leabharlann COBÁC a dtreoir úsáideach, a mhíníonn cad is nuacht bhréige ann, na rudaí a d'fhéadfadh taobh thiar di agus roinnt bealaí chun í a aithint, chun í a cheangal leis na dúshláin ar leith a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an mhífhaisnéis is an bhréagaisnéis a chuirtear amach maidir léi.[3]
Moltar (ar bemediasmart.ie nó FactCheck.org mar shampla) do dhaoine scéalta nuachta a mheá de réir na dtreoracha seo a leanas:[4]
In 2024, dúirt Art O’Leary, Príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin, “Chomh fada is atá an daonlathas féin ann, tá na hiarrachtaí seo ar bun vótóirí a chur dá mbuille, a n-intinn a athrú agus mearbhall a chur orthu, ach is ag éirí níos casta agus níos sofaisticiúla atá na seifteanna a mbaintear leas astu. An mana ba cheart a bheith againn ná a bheith cúramach i gcónaí agus ní mór don uile dhuine sin obair an tseiceálaí fíricí a dhéanamh dúinn féin.”[5]
Mar sin ba chóir go mbeadh an t-amhras céanna ar dhaoine faoi chúrsaí nuachta gach lá is bhíonn orthu ar an 1 Aibreáin nuair a chuirtear scéalta bréige amach ar mhaithe leis an gcraic. Na ceisteanna a chur orainn féin:
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.