![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/c/c6/Tonga_Volcano_Eruption_2022-01-15_0320Z_to_0610Z_Himawari-8_visible.gif/640px-Tonga_Volcano_Eruption_2022-01-15_0320Z_to_0610Z_Himawari-8_visible.gif&w=640&q=50)
Brúchtadh Hunga Tonga–Hunga Haʻapai (2022)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ar 14 Eanáir 2022, tharla brúchtadh pléascach ag an mbolcán muirí Hunga-Tonga Hunga-Ha’apai, seasca cúig ciliméadar ó thuaidh ó Tongatapu, an t-oileán is mó in Tonga.[1] Ghin an brúchtadh súnámaí a d’imigh ar fud an Aigéin Chiúin, agus a mharaigh ar a laghad triúr in Tonga; tonn turrainge san atmaisféar a d’imigh timpeall an domhain faoi dhó; agus scamall mór deannaigh agus deataigh, agus na céadta splanc thintrí gach nóiméad taobh istigh ann, agus a d’imigh suas go dtí an strataisféar.[1]
| ||||
Cineál | Surtseyan eruption (en) ![]() Plinian eruption (en) ![]() ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 15 Eanáir 2022 (04:14:45) ![]() | |||
Suíomh | Hunga, Tonga ![]() ![]() ![]() | |||
Tír | Tonga ![]() | |||
Ba chúis leis | eruption column (en) ![]() Crith talún Tonn turrainge súnámaí ash rain (en) ![]() 2022 Callao oil spill (en) ![]() ![]() | |||
Méadaíocht crith talún (Scála Richter) | 5.8 ![]() | |||
Líon básanna | 5 (17 Eanáir 2022) ![]() | |||
Líon gortaithe | 4 (16 Eanáir 2022) ![]() | |||
Haischlib | #TogetherForTonga ![]() |
Scrios an brúchtadh an cábla cumarsáide le Tonga, agus tar éis an tsunami, bhí na hoileáin uilig faoi bhrat luatha. Bhí an príomh-rúidbhealach glanta agus an t-aerfort ar oscailt cúpla lá níos déanaí. Mar sin féin, bhí díospóireacht ar siúl in Tonga ag an am idir cabhair a ligean isteach, agus COVID a choimeád amuigh.[1]